Staid na ndrugaí san Eoraip suas go dtí 2023 – forléargas agus measúnú ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus ar fhorbairtí nua (Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023)

Baineann an leathanach seo leas as na sonraí is déanaí atá ar fáil chun forléargas a thabhairt ar an staid reatha agus ar shaincheisteanna drugaí atá ag teacht chun cinn a bhfuil tionchar acu ar an Eoraip, ag díriú ar an mbliain go dtí deireadh 2022. San anailís a chuirtear i láthair anseo, leagtar béim ar roinnt forbairtí a d’fhéadfadh impleachtaí tábhachtacha a bheith acu do bheartas drugaí agus do chleachtóirí san Eoraip.

Tá an leathanach seo mar chuid de Thuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023, forléargas bliantúil EMCDDA ar staid na ndrugaí san Eoraip.

An nuashonrú is déanaí: 16 Meitheamh 2023

GACH ÁIT, GACH RUD, GACH DUINE
An dúshlán casta a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna comhaimseartha a bhaineann le drugaí

Bíonn tionchar suntasach ag drugaí aindleathacha ar shláinte agus ar shlándáil na hEorpa

Príomhtheachtaireacht ón anailís ar Thuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023 is ea go bhfeictear tionchar úsáid drugaí aindleathacha beagnach gach áit inár sochaí sa lá inniu. Tá sé d’acmhainn ag beagnach gach rud a bhfuil airíonna sícighníomhacha acu a úsáid mar dhruga. Fágann sé sin go bhféadfadh úsáid aindleathach drugaí agus na fadhbanna a bhaineann leis dul i bhfeidhm, cibé acu go díreach nó go hindíreach, ar gach duine.

Gach áit

A puddle of water with light reflections on wet sand

Sa lá atá inniu ann, bíonn tionchar ag saincheisteanna drugaí beagnach i ngach áit. Sa bhaile, tá siad léirithe i bhfadhbanna casta beartais eile agus cuireann siad leis na fadhbanna sin, amhail easpa dídine, bainistiú neamhord síciatrach, agus coiriúlacht óige. Feicimid freisin leibhéil níos airde foréigin agus éillithe atá á spreagadh ag margadh na ndrugaí i roinnt tíortha. Go hidirnáisiúnta, tá fadhbanna drugaí ag fás i mórán tíortha ísealioncaim agus meánioncaim, rud a bhaineann an bonn den rialachas agus den fhorbairt agus a chuireann leis na dúshláin shuntasacha sláinte poiblí agus slándála poiblí atá roimh go leor tíortha cheana féin.

Gach rud

Colour splashes on a window

De réir a chéile, feicimid gur féidir beagnach gach rud a bhfuil airíonna sícighníomhacha acu a bheith ar fáil ar mhargadh na ndrugaí, go minic lipéadaithe go mícheart nó i meascáin, rud a fhágann go bhféadfadh tomhaltóirí a bheith aineolach maidir lena bhfuil á úsáid acu, a mhéadaíonn rioscaí sláinte agus a chruthaíonn dúshláin nua forfheidhmithe dlí agus rialála.

 

 

Gach duine

A crowd of people facing a stage with their arms in the air

Le tionchar na bhforbairtí atá ag dul ar aghaidh, is dócha go mbeidh tionchar ag úsáid drugaí aindleathacha, ag oibriú an mhargaidh drugaí agus ag na fadhbanna a bhaineann leis ar gach duine ar bhealach éigin. Go díreach, feicimid é sin sna daoine a bhfuil fadhbanna acu agus a dteastaíonn cóireáil nó seirbhísí eile uathu. Go hindíreach, feicimid go bhfuil daoine óga leochaileacha á n-earcú i gcoiriúlacht, is léir an brú ar bhuiséid sláinte agus na costais shóisialta do phobail a bhraitheann neamhshábháilte nó ina mbaineann éilliú nó cleachtais choiriúla an bonn d’institiúidí nó do ghnólachtaí. 

Staid na ndrugaí san Eoraip in 2023 – forléargas

Tá infhaighteacht fhormhór na substaintí aindleathacha fós ard

Tugtar le fios in anailís ar na táscairí a bhaineann le soláthar le haghaidh na ndrugaí aindleathacha a úsáidtear go coitianta san Aontas Eorpach go bhfuil infhaighteacht fós ard maidir le gach cineál substainte. Tá an margadh tréithrithe anois ag an infhaighteacht réasúnta forleathan de raon níos leithne drugaí, atá ar fáil go minic ag ardneart nó ag ardíonacht. Leanadh d’urghabhálacha móra drugaí a ndéantar gáinneáil orthu chun na hEorpa i gcoimeádáin loingseoireachta idirmhódúla a bhrath, agus tá slabhraí soláthair tráchtála ina bpríomhsprioc le haghaidh insíothlaithe ag grúpaí coireachta eagraithe. Tá an Eoraip fós ina limistéar tábhachtach táirgthe maidir le roinnt substaintí, go háirithe drugaí sintéiseacha agus cannabas.

Tá dúshláin nua sláinte agus beartais á gcruthú ag an éagsúlacht mhéadaithe maidir le hinfhaighteacht agus úsáid drugaí

Tá éagsúlacht níos mó sna substaintí ar mhargadh na ndrugaí aindleathacha ag gabháil le hardinfhaighteacht drugaí, rud a nochtann tomhaltóirí do raon níos leithne de shubstaintí sícighníomhacha. Áirítear orthu sin drugaí sintéiseacha nua, agus eolas teoranta ann go minic i ndáil leis na rioscaí sláinte a bhaineann leo. Is ábhar imní é sin maidir leis an bhféidearthacht go mbainfí úsáid níos mó as substaintí aindleathacha i gcoitinne agus na rioscaí méadaithe a bhaineann le cuid acu. D’fhéadfadh daoine a úsáideann drugaí a bheith i mbaol níos mó de thorthaí díobhálacha sláinte, lena n-áirítear nimhiú agus bás, trí shubstaintí a úsáid go haineolach, b’fhéidir, a bhfuil neart níos airde acu nó atá níos nuaí, nó meascáin de shubstaintí a úsáid nuair a d’fhéadfadh idirghníomhaíochtaí drugaí cur leis na dochair sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann.

D’fhéadfadh rath a bheith ag baint le freagairtí fianaisebhunaithe agus comhleanúnacha, ach is minic nach mbíonn siad ar fáil go leordhóthanach

Cé go bhfuil bearnaí tábhachtacha eolais fós ann, ciallaíonn taighde agus infheistíocht i bhforbairt seirbhísí go bhfuil tuiscint níos fearr againn anois ar cad iad na hidirghabhálacha ar dócha go mbeidh siad éifeachtach i réimsí an choisc drugaí, na cóireála, an laghdaithe dochair agus na tacaíochta don téarnamh. Mar gheall ar chineál gaolmhar na bhfadhbanna a bhaineann le húsáid drugaí agus le saincheisteanna casta beartais shóisialta eile, tugtar aitheantas níos mó don ghá atá le freagairtí níos comhtháite agus níos cuimsithí. Dá bhrí sin, tá gá le sineirgí le beartas agus le cleachtas i réimsí tábhachtacha eile, lena n-áirítear tacaíocht tithíochta, cúram sláinte cineálach, seirbhísí don aos óg agus do dhaoine scothaosta, soláthar meabhairshláinte agus an córas ceartais choiriúil. Mar sin féin, tá infhaighteacht freagairtí a bhaineann go sonrach le drugaí agus samplaí de shamhlacha cúraim atá dea-fhorbartha agus comhtháite thar a bheith ilchineálach ar leibhéal na hEorpa agus, i mórán tíortha, tá gá le níos mó infheistíochta a dhéanamh sa dá réimse sin.

Ag freagairt do riachtanais níos éagsúla agus níos casta

Tacaíocht mhéadaitheach chun cosc ar úsáid substaintí atá fianaisebhunaithe a chur chun feidhme

Teenagers sitting on a stone floor

Tá sé mar aidhm ag cosc ar úsáid substaintí deireadh a chur le húsáid drugaí sícighníomhacha nó moill a chur ar an úsáid sin. D’fhéadfadh sé cabhrú leo siúd a thosaigh substaintí a úsáid chun forbairt neamhoird úsáide drugaí a sheachaint. Go stairiúil, áfach, fuarthas amach nach bhfuil gach cur chuige a úsáideadh sa réimse seo éifeachtach, agus tá méadú ag teacht ar an spéis atá ann i sainaithint agus i gcur chun feidhme clár coisc atá bunaithe ar fhianaise. Tacaítear anois leis an gcuspóir sin a bhaint amach trí chlárlanna clár coisc, tionscnaimh oiliúna agus forbairt caighdeán cáilíochta a chur ar bun. Tá an Curaclam Eorpach um Chosc ceaptha chun éifeachtacht fhoriomlán na n-iarrachtaí coisc a fheabhsú. Tá oiliúnóirí náisiúnta Churaclam Eorpach um Chosc ag breis agus 25 Ballstát agus tíortha comharsanachta anois. Tacaíonn Xchange, clárlann Eorpach ar líne d’idirghabhálacha coisc a ndearnadh meastóireacht orthu, leis na hiarrachtaí coisc freisin.

Ní mór soláthar seirbhísí um laghdú díobhála a neartú tuilleadh

A man working on a laptop displaying charts

Tá úsáid drugaí aindleathacha ina cúis le réimse géardhíobhálacha agus díobhálacha ainsealacha agus aithnítear go gcuireann sí le hualach domhanda maidir le galair. Glactar go forleathan anois le freagairtí um laghdú díobhála, amhail cóireáil agonaí ópóideach agus soláthar trealaimh steiriúil do dhaoine a insteallann drugaí, mar rannchuidiú tábhachtach le soláthar cúraim sláinte. Mar sin féin, tá cumhdach agus rochtain ar na cineálacha idirghabhála sin fós neamhleor i roinnt Ballstát AE i gcomparáid leis na riachtanais a mheastar a bheith ann. Tá infheistíocht déanta ag roinnt tíortha freisin i seirbhísí níos nuaí, amhail seomraí úsáide drugaí, cláir nalocsóin beir leat agus saoráidí seiceála drugaí. Tá infhaighteacht na seirbhísí sin níos teoranta fós. Ina theannta sin, is lú an comhdhearcadh i measc na dtíortha go ginearálta maidir lena mhéid atá na bearta sin ina bhfreagairtí iomchuí. Tá gá, dá bhrí sin, le tuilleadh taighde agus staidéar meastóireachta chun an bonn fianaise is gá a neartú chun bonn eolais a chur faoin bplé beartais sa réimse seo.

Cruthaíonn staid na ndrugaí san Eoraip atá ag athrú go tapa dúshláin nua maidir le laghdú díobhála agus rioscaí a chur in iúl

 Medical doctor holding tablet showing digital data

Le níos mó éagsúlachta maidir le hinfhaighteacht agus úsáid drugaí, cruthaítear dúshláin nua d’fhorbairt agus do chur chun feidhme seirbhísí um laghdú díobhála. Tá gá leis na seirbhísí seo chun cuidiú le rioscaí sláinte a eascraíonn as patrúin úsáide níos casta, as substaintí nua agus as meascáin de shubstaintí a mhaolú. Is gá a mheas, mar shampla, cad is cuir chuige éifeachtacha um laghdú díobhála ann maidir le húsáid substaintí, cibé an bhfuil siad ina n-ópóidigh shintéiseacha, ina spreagthaigh shintéiseacha, ina gcineálacha nua agus foirmeacha de tháirgí cannabais, chomh maith le drugaí dícheangail amhail céataimín. Ábhar imní atá ag dul i méid is ea na himpleachtaí a bhaineann le substaintí láidre nó meascáin substaintí a úsáid go neamhbheartaithe. I measc na bpríomhbhreithnithe beartais anseo tá na hiompraíochtaí riosca a bhaineann le seirbhísí um laghdú díobhála, an bonn fianaise a thacaíonn lena gcuid oibre, agus cad is caighdeáin ann maidir le cáilíocht an chúraim. Tá gá, ag an am céanna, le straitéisí éifeachtacha cumarsáide maidir le rioscaí a fhorbairt chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse seo, go háirithe na rioscaí sin a bhaineann le substaintí nua, le hidirghníomhaíochtaí drugaí, le táirgí ardnirt, nó le bealaí tabhartha.

An infheistíocht is gá chun spriocanna a bhaint amach chun ualach na ngalar tógálach a laghdú

Blood samples with infected virus

Tá daoine a insteallann drugaí i mbaol ionfhabhtuithe a tholgadh amhail heipitíteas víreasach B agus C (HVB agus HCV) agus an víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID). Tá líon na n-ionfhabhtuithe VEID a bhaineann le hinstealladh drugaí ag titim le deich mbliana anuas ach tá imní ann go bhféadfadh líon íseal na n-ionfhabhtuithe nua a tugadh faoi deara sna sonraí is déanaí a léiriú, go páirteach ar a laghad, moill sa diagnóis mar gheall ar chur isteach ar thástáil de bharr na paindéime COVID-19. 

Tá comharthaí eile ann freisin go bhfuil gá le níos mó infheistíochta dá mbainfí amach an sprioc de dheireadh a chur le SEIF agus le heipidéim heipitítis víreasach san Eoraip faoi 2030. Tá ráigeanna áitiúla VEID ar leibhéal na cathrach a bhaineann le hinstealladh spreagthach ina bhfadhb athfhillteach san Eoraip le deich mbliana anuas, rud a thugann le fios go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun na díobhálacha sin a laghdú. Diagnóisíodh go déanach níos mó ná leath de chásanna nua VEID i measc daoine a insteallann drugaí, rud a mhéadaigh an baol gaolmhar galrachta agus mortlaíochta. Tá soláthar snáthaidí agus steallairí tábhachtach chun tarchur galar a laghdú, ach ní bhaineann ach roinnt tíortha na spriocanna amach arna moladh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte don chineál sin soláthair. Tá bacainní ar ghlacadh tástála agus cóireála HCV i mórán tíortha freisin, rud a fhágann go mbíonn ionfhabhtuithe neamhdhiagnóisithe agus neamhchóireáilte iontu.

Tá gá le foinsí feabhsaithe sonraí tocsaineolaíocha agus fóiréinseacha chun bonn eolais a chur faoi bheartais agus faoi ghníomhaíochtaí

A woman in a lab coat with mask and glove looking at samples on a microscope

I dTuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023, léirítear an méadú atá ag teacht ar thábhacht drugaí sintéiseacha, substaintí nua a bheith ar fáil, cleachtais nua táirgthe laistigh de mhargadh na ndrugaí, agus an fíoras go ndéantar go leor de na díobhálacha a bhaineann le húsáid drugaí níos measa mar gheall ar idirghníomhaíochtaí idir drugaí a úsáidtear le chéile, cibé acu go feasach nó go haineoleach. Ardaíonn an bhrath leanúnach cannaibionóideach sintéiseach taobh le cannaibionóidigh nádúrtha in ábhar luibhe imní den chineál céanna. Tugann na saincheisteanna seo go léir tacaíocht do chonclúid atá ag rith ar fud na hanailíse a chuirimid ar fáil i mbliana: go bhfuil foinsí faisnéise fóiréinseacha agus tocsaineolaíochta ina ngnéithe bunriachtanacha chun tuiscint a fháil ar fhorbairtí i margadh na ndrugaí agus ar na himpleachtaí sláinte a bhaineann le patrúin athraitheacha úsáide drugaí. Faoi láthair, níl na foinsí sin ar fáil go leordhóthanach, agus cuireann sé seo bac ar ár dtuiscint ar shaincheisteanna tábhachtacha amhail an ról atá ag patrúin úsáide il-drugaí i ródháileoga drugaí. Go dearfach, áfach, ó 2024 ar aghaidh, seolfaidh EUDA nua líonra Eorpach de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha, agus é mar aidhm leis sin acmhainneacht agus acmhainní faisnéise sa réimse sin a neartú.

Impleachtaí an chogaidh san Úcráin do staid drugaí na hEorpa

Ukrainian colors on damaged wall

Breis agus bliain tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá an tír fós gafa le géarchéim dhaonnúil, agus tionchar tromchúiseach ag an gcoinbhleacht ar chórais sláinte agus shóisialta na hÚcráine. Tá sé níos deacra teacht ar chúram sláinte mar gheall ar an gcogadh, lena n-áirítear cóireáil drugaí. D’fhonn leanúnachas cúraim a chur ar fáil do dhaoine i gcóireáil agónaí ópóideach, tá Aireacht Sláinte na hÚcráine tar éis comhpháirtíochtaí a bhunú le raon eagraíochtaí neamhrialtasacha. Ina theannta sin, tá dídean fós á lorg ag muintir na hÚcráine san Aontas Eorpach. Bhí ar thíortha AE a gcumas a mhéadú chun cúram a chur ar fáil do dhaoine easáitithe a úsáideann drugaí. Gné thábhachtach de seo ná rochtain ar sheirbhísí teanga a chur ar fáil, chomh maith leis an ngá a aithint atá le cóiríocht, leas sóisialach agus tacaíocht cúraim leanaí a chur ar fáil ag an am céanna. De dheasca léirscrios an bhonneagair fhíor-riachtanaigh agus luaineacht na coinbhleachta, tá sé thar a bheith deacair córais faireacháin drugaí a oibriú agus anailís a dhéanamh ar athruithe ar staid na ndrugaí san Úcráin. Is é an rud a thagann chun cinn ón bhfaisnéis atá ar fáil ná gur cosúil go bhfuil laghdú tagtha ar infhaighteacht hearóine san Úcráin; is cosúil, áfach, nach ndearnadh difear chomh mór céanna do tháirgeadh agus d’úsáid drugaí sintéiseacha. Is cosúil gur chuir an cogadh isteach ar an ngáinneáil ar hearóin tríd an Áise Láir, tríd an réigiún Chugais agus tríd an Muir Dhubh chun na hEorpa. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin go bhféadfadh méadú teacht ar ghníomhaíochtaí gáinneála ar bhealaí eile isteach san Eoraip.

Cannabas: dúshláin nua roimh bheartas agus roimh chleachtas

Tá beartais channabais náisiúnta agus dúshláin rialála ag éirí níos casta 

Cannabis plants

Tá níos mó dúshlán le sárú go leanúnach ag freagairtí beartais agus rialála do channabas mar thoradh ar fhoirmeacha agus ar úsáidí nua na substainte seo. Is cosúil go bhfuil tionchar i bpáirt ar fhorbairtí sa réimse seo ó chruthú margaí cannabais áineasa i gCríocha Mheiriceá agus tionchar i bpáirt ó leas tráchtála níos mó maidir le táirgí tomhaltóra a fhorbairt a bhfuil eastóscáin as an bplanda cannabais iontu. Tá raon feidhme na mbeartas cannabais náisiúnta san Eoraip ag leathnú de réir a chéile agus cuimsíonn sé anois, chomh maith le rialú cannabais aindleathaigh, rialáil roinnt cineálacha cannabais chun críocha teiripe agus teacht chun cinn táirgí tráchtála ina bhfuil díorthaigh ón bplanda cannabais.

Tá gá le sonraí bonnlíne chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe ar rialáil cannabais 

A person looking at cannabis plants under a growing light

Tá roinnt Ballstát AE ag athrú a gcur chuige beartais freisin maidir le húsáid channabais áineasa. I mí na Nollag 2021, rith Málta reachtaíocht a bhí dírithe ar fhás sa bhaile agus úsáid channabais in áiteanna príobháideacha, in éineacht le clubanna fáis pobail neamhbhrabúsacha, chun críocha áineasa. Tá sé beartaithe ag an nGearmáin cead a thabhairt cannabas a fhás sa bhaile agus do chlubanna neamhbhrabúsacha, agus tá sé beartaithe ag Lucsamburg cead a thabhairt cannabas a fhás sa bhaile; tá an dá thír ag súil go bhforbrófar córas díolacháin tráth níos déanaí. Tá samhail á reáchtáil ag an Ísiltír ar bhonn píolótach le haghaidh slabhra soláthair cannabais dúnta do shiopaí caife cannabais, agus d’fhógair an tSeicia pleananna freisin le haghaidh córas dáileacháin rialáilte ina ngearrfar cáin. Ina theannta sin, tá tús curtha ag an Eilvéis le trialacha píolótacha ar dhíolacháin nó ar chórais dáileacháin eile a údarú do chónaitheoirí sonracha laistigh de chathracha áirithe. Beag beann ar chineál aon athraithe beartais sa réimse seo, beidh measúnú ar a thionchar ag brath ar dhea-shonraí bonnlíne a bheith ann chun bonn a chur ar fáil d’fhaireachán agus do mheastóireacht leanúnach.

Tuiscint ar na himpleachtaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le hinfhaighteacht ard agus úsáid táirgí cannabais

Young man rolling cannabis joint

Is é cannabas an tsubstaint aindleathach is coitianta a úsáidtear, agus in 2021 urghabhadh an méid is mó de roisín cannabais agus de channabas luibhe sna deich mbliana seo a chuaigh thart, rud a léiríonn ard-infhaighteacht leanúnach an druga seo. Tríd is tríd, ba é tátal anailís na bliana seo go bhfuil gá le tuiscint níos fearr ar na fadhbanna a bhíonn ag úsáideoirí cannabais agus ar na bealaí tarchuir agus na roghanna cóireála atá ann cheana féin. Tuairiscítear go bhfuil cannabas freagrach as sciar suntasach d’othair isteach le haghaidh córeáil drugaí nua san Eoraip, ach is cosúil go bhfuil an scéal sách ilchineálach idir tíortha, maidir leis an staid reatha agus na cleachtais tuairiscithe araon. Tugadh faoi deara le déanaí in athbhreithniú EMCDDA infhaighteacht mhéadaithe ar chóireálacha síceasóisialta, amhail teiripí iompraíochta cognaíocha, dóibh siúd a bhfuil fadhbanna acu le cannabas a úsáid, ach ar an iomlán is gá fós tuiscint níos fearr a fháil ar a mhéid a lorgaíonn úsáideoirí cannabais cabhair dá gcuid fadhbanna agus cad iad na cineálacha seirbhísí ar dócha go mbeidh siad oiriúnach chun freastal ar riachtanais sa réimse seo.

Éagsúlú agus éilliú

Gummies lying on a table with cannabis herb

Tá éagsúlacht mhéadaitheach de tháirgí cannabas ar fáil san Eoraip freisin. Áirítear leo siúd eastóscáin agus iteáin channabais ardnirt, agus bhí baint acu siúd le daoine ag dul isteach i ranna éigeandála ospidéil agus géarnimhiú orthu. In 2021, tháinig méadú foriomlán ar thuairiscí ar ábhar luibhe ina bhfuarthas THC nó cannaibionóidigh nádúrtha eile taobh le cannaibionóidigh shintéiseacha. Cuireann sé seo le hábhair imní go bhfuil táirgí cannabas, le cion íseal THC de ghnáth, á n-éilliú le cannaibionóidigh shintéiseacha láidre, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le hanailís tocsaineolaíochta chun na substaintí sin a bhrath. D’fhéadfadh cuma channabais nádúrtha a bheith ar ábhair luibhe éillithe agus, dá bhrí sin, is féidir iad a dhíol go mícheart mar channabas le húsáideoirí aineolacha. Tá roinnt cannaibionóideach sintéiseach thar a bheith láidre agus bhí siad nasctha le ródháileoga marfacha agus neamh-mharfacha. Is táirgí bia iad iteáin channabais, ‘milseáin’ inslithe de ghnáth le heastóscán cannabais, atá ar fáil níos mó agus níos mó ar mhargadh aindleathach na hEorpa ó 2021 i leith. Baineann rioscaí leis na táirgí seo mar gheall ar a n-ábhar THC agus an fhéidearthacht go bhféadfaí iad aithint de dhearmad mar tháirgí tráchtála dlisteanacha, go háirithe ag leanaí. Tá cuid de na táirgí inite sin ar fáil i bpacáistíocht atá cosúil le táirgí tráchtála agus fuarthas go bhfuil cannaibionóidigh shintéiseacha i roinnt samplaí, rud a mhéadaíonn tuilleadh na hábhair imní sláinte sa réimse sin.

HHC – an chéad channaibionóideach leathshintéiseach le feiceáil ar mhargadh drugaí aindleathacha na hEorpa

Vending machine selling HHC products

Tháinig méadú breise ar an éagsúlacht ar an margadh cannabais i mí na Bealtaine 2022, nuair a sainaithníodh go raibh an chéad channaibionóideach leathshintéiseach, heicseahidreacannaibionól (HHC) ar fáil san Eoraip. Tá HHC cosúil go ceimiceach le deilte-9-teitrihidreacannaibionól (deilte-9-THC), an phríomhshubstaint shícighníomhach i gcannabas, agus is cosúil go bhfuil iarmhairtí comhchosúla aige. Mar sin féin, níl staidéar déanta go mion ar an gcógaseolaíocht ná ar thocsaineolaíocht HHC i ndaoine. Le linn 2022, sainaithníodh HHC in dhá thrian de Bhallstáit AE, agus rinneadh é a mhargú ar bhonn tráchtála i roinnt Ballstát AE agus díoladh é mar rogha ‘dlíthiúil’ malartach ar channabas. Is féidir HHC a spraeáil ar channabas luibhe íseal-THC nó é a mheascadh leis, agus d’fhéadfadh cuma agus boladh cannabais aindleathaigh a bheith air sin. Bhí sé le fáil freisin i ngaltoitíní agus i dtáirgí bia. Creidtear go sintéisítear HHC ó channaibidé-ól (CBD), a bhaintear as cannabas íseal-THC (cnáib). Ó tháinig sé chun cinn, braitheadh cannaibionóidigh leathshintéiseacha eile freisin, rud a léiríonn spéis tráchtála sa réimse seo. Ciallaíonn úire na bhfoirmeacha cannabais sin agus an easpa fianaise eimpírí go bhfuil neamhchinnteacht shuntasach ann maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na substaintí seo ar shláinte an duine.

Tá níos mó tábhachta ag baint anois le cócaon agus le spreagthaí sintéiseacha

Infhaighteacht chócaoin atá ard go stairiúil

Man in a yellow vest standing in front of shipping containers

In 2021, rinne Ballstáit AE 303 tona de chócaon a urghabháil. Is fachtóir suntasach é an gháinneáil ar mhéideanna móra cócaoin trí chalafoirt mhóra mhara na hEorpa, i gcoimeádáin loingseoireachta tráchtála idirmhódúla, maidir le hard-infhaighteacht an druga seo san Eoraip sa lá atá inniu ann. Léirítear tionchar ard-infhaighteachta cócaoin in ábhair imní faoi mhéadú ar fhadhbanna a bhaineann leis an tsláinte agus ar leibhéil na coireachta araon, lena n-áirítear coireanna foréigneacha a bhaineann le gníomhaíochtaí margaidh drugaí. Léiríonn urghabhálacha móra freisin na hiarrachtaí méadaithe atá déanta ag forfheidhmiú an dlí chun cur isteach ar an ngáinneáil trí chalafoirt mhóra na hEorpa. Mar sin féin, tá comharthaí ann freisin go bhfuil grúpaí gáinneála ag féachaint níos mó agus níos mó ar chuir chuige nua chun an baol braite a laghdú. Tá fianaise ann a thugann le fios, mar shampla, go bhfuil siad ag díriú ar chalafoirt bheaga a d’fhéadfadh a bheith leochaileach san Aontas Eorpach agus i dtíortha comharsanachta. Tá tionscal tánaisteach táirgthe cócaoin seanbhunaithe san Eoraip anois a éascaíonn úsáid mhodhanna nuálacha le haghaidh gáinneála, rud a d’fhéadfadh a bheith níos dúshlánaí i ndáil le cócaon a bhrath i lastaí tráchtála.

Fianaise mhéadaitheach ar an tionchar diúltach a bhíonn ag ard-infhaighteacht cócaoin 

A man holding a small plastic bag with a white powder

Is é cócaon an dara druga is minice a thuairiscítear anois, ag iontrálaithe cóireála den chéad uair agus sna sonraí atá ar fáil maidir le hothair isteach le géarthocsaineacht drugaí i ranna éigeandála ospidéil táscacha araon. Tugann na sonraí atá ar fáil le fios freisin go raibh baint ag an druga le thart ar an gcúigiú cuid de bhásanna ó ródháileog in 2021. Mar gheall ar dhúshláin mhodheolaíochta, is dócha go ndéanfar tearcthuairisciú ar bhásmhaireacht a bhaineann le cócaon inár dtacair shonraí reatha. Is cosúil go bhfuil baint ag infhaighteacht mhéadaithe le roinnt comharthaí go bhféadfaí úsáid chócaoin a scaipeadh ar ghrúpaí níos imeallaithe, agus instealladh cócaoin agus úsáid chnagchócaoin tuairiscithe i dtíortha áirithe. 

Spreagthaigh shintéiseacha – tuilleadh éagsúlachta i margadh na ndrugaí aindleathacha nasctha le rioscaí don tsláinte phoiblí

White powder, tablets, spoon and syringe on black table

Chomh maith le cócaon, baineann úsáid spreagthach sintéiseach le rioscaí do shláinte fhisiciúil agus do mheabhairshláinte araon. Tugann formhór na dtáscairí le fios go bhfuil amfataimín fós ar an spreagadh sintéiseach aindleathach is mó a úsáidtear san Eoraip. Mar sin féin, tá éagsúlacht mhéadaitheach sa mhargadh drugaí sa réimse seo, agus comharthaí ann go bhfuil meitiolamfataimín agus cáitíonónaí sintéiseacha araon ag cur níos suntasaí anois ná mar a bhí roimhe seo le fadhbanna san Eoraip a bhaineann le spreagthaigh. D’fhéadfadh tomhaltóirí breathnú ar spreagthaigh éagsúla mar spreagthaigh fheidhmiúla den chineál céanna agus a bheith toilteanach triail a bhaint as táirgí nua bunaithe ar a n-infhaighteacht sa mhargadh. Toisc go bhféadfadh spreagthaigh shintéiseacha a bheith ar fáil freisin i bpúdair nó mar phiollairí den chuma chéanna, d’fhéadfadh tomhaltóirí a bheith aineolach uaireanta maidir le cén spreagthach ar leith nó cén meascán de spreagthaigh atá á úsáid acu. Is féidir na drugaí seo a fháil freisin i dtáibléid a chuirtear ar an margadh mar MDMA. Tríd is tríd, ciallaíonn forbairtí sa réimse seo go bhféadfadh daoine a úsáideann drugaí a bheith i mbaol níos mó de thorthaí díobhálacha sláinte, lena n-áirítear nimhiú, fadhbanna meabhairshláinte géara agus ainsealacha, galair thógálacha agus básanna, trí shubstaintí a úsáid, b’fhéidir go haineolach, atá níos láidre nó níos nuaí agus trí bheith ag gabháil d’iompraíochtaí ardriosca.

Aitheantas níos fearr a thabhairt don ról atá ag spreagthaigh maidir le díobhálacha a bhaineann le hinstealladh drugaí

Syringe lying on the floor

Tá daoine a insteallann drugaí i mbaol níos mó ó ionfhabhtuithe fola-iompartha a tholgadh nó ó bhás a fháil ó ródháileog drugaí. D’ainneoin laghdú leanúnach ar úsáid drugaí insteallta san Eoraip le deich mbliana anuas, tá an t-iompar sin fós freagrach as leibhéal díréireach an dochair a bhaineann le drugaí aindleathacha. Go stairiúil, tá hearóin an druga is mó ata bainteach le hinstealladh. Mar sin féin, déantar drugaí eile, lena n-áirítear spreagthaigh agus cógais, a instealladh níos coitianta anois, ina n-aonar nó in éineacht le hearóin nó le hópóidigh eile. Tá baint ag instealladh spreagthach le patrúin úsaide insteallta ardmhinicíochta, agus tá sé nasctha le ráigeanna áitiúla VEID i gcathracha san Eoraip. D’fhéadfadh méadú teacht ar an mbaol a bhaineann le damáiste soithíoch nó le hionfhabhtú baictéarach a tholgadh trí spreagthaigh shintéiseacha atá tuaslagtha go dona, cógais nó cnagchócaon a instealladh. D’fhéadfadh instealladh il-drugaí an baol de ródháileog drugaí a mhéadú. Dá bhrí sin, tá tuiscint ar an dochar a bhaineann le patrúin athraitheacha úsáide drugaí insteallta ríthábhachtach chun idirghabhálacha a cheapadh a laghdóidh an dochar a bhaineann leis an iompar sin.

Comharthaí luaineachta méadaithe sa mhargadh MDMA ach tá ábhair imní ann fós faoi infhaighteacht táirgí ard-íonachta

Bag with MDMA tablets of different shapes and colours

Tugann na sonraí reatha le fios go bhfuil staid réasúnta cobhsaí ar an iomlán maidir le húsáid MDMA, cé go bhfuil ilchineálacht shuntasach ann ar an leibhéal náisiúnta. Tagann sé sin sna sála ar thréimhse inar moladh le táscairí MDMA gur laghdaíodh a n-úsáid go sealadach le linn luathchéimeanna phaindéim COVID-19, nuair a chuir bearta scartha shóisialta isteach ar shaol na hoíche agus ar imeachtaí sóisialta eile a bhaineann le húsáid na substainte sin. Tá an Eoraip fós ina limistéar tábhachtach do tháirgeadh MDMA, maidir le húsáid intíre agus le honnmhairiú chuig margaí neamh-AE araon. Le gnáthábhar MDMA de 161 go 173 milleagram, tá neart foriomlán na dtáibléad fós ard de réir na gcaighdeán stairiúil, agus tá imní air sin maidir leis an mbaol go ndéanfaí dochar do shláinte úsáideoirí. Mar sin féin, bhí roinnt comharthaí le déanaí ann a thugann le fios go bhféadfadh laghdú a bheith tagtha ar mhéideanna táirgeachta, agus tá roinnt laghduithe tugtha faoi deara in ábhar MDMA táibléad. Ní léir an léiríonn na comharthaí sin go bhfuil fadhbanna ag táirgeoirí na ceimiceáin réamhtheachtacha a aimsiú, nó an bhfuil siad ag aistriú chuig táirgeadh substaintí eile ar a bhfuil níos mó éilimh nó atá níos brabúsaí, nó an bhfuil an margadh ag freagairt d’éileamh measta úsáideoirí maidir le táirgí a bhfuil neart níos ísle ag baint leo. Tríd is tríd, áfach, tá táibléid agus púdair ard-íonachta fós ar fáil ar an margadh Eorpach, agus tá an fhaisnéis sin tábhachtach chun bonn eolais a chur faoi idirghabhálacha maidir le cosc agus dochar a laghdú sa réimse seo.

Níos mó éagsúlachta maidir le hinfhaighteacht agus úsáid drugaí

Comharthaí go bhfuil céataimín ina dhruga bunaithe de rogha i measc roinnt grúpaí

White powder and vial with a liquid

Bíonn éagsúlacht mhór ann maidir le méid an chéataimín a urghabhadh agus a tuairiscíodh do Chóras Luathrabhaidh an AE i ndáil le substaintí sícighníomhacha nua le himeacht ama, ach d’fhan sé ag leibhéil réasúnta ard le blianta beaga anuas. Tugann sé seo agus faisnéise eile le fios gur dócha go mbeidh céataimín ar fáil go comhsheasmhach i roinnt margaí náisiúnta drugaí agus go bhfuil sé ina dhrugaí níos bunaithe de rogha ag roinnt grúpaí. Déantar céataimín a smúradh de ghnáth, ach is féidir é a instealladh freisin. Tá sé nasctha le díobhálacha géarmhíochaine agus ainsealacha éagsúla atá ag brath ar dháileog, agus d’fhéadfadh deacrachtaí úireolaíocha agus damáiste lamhnáin a bheith san áireamh maidir le húsáideoirí fadtéarmacha. Is féidir céataimín a fháil freisin curtha le meascáin drugaí eile, lena n-áirítear púdair agus táibléid MDMA. Tá sé le fáil freisin i meascáin a dhíoltar mar ‘chócaon bándearg’, agus an chuma ar an scéal go bhfuil spéis níos mó ag úsáideoirí sa táirge sin. San Eoraip, tagraíonn an téarma cócaon bándearg de ghnáth do mheascáin de chéataimín le drugaí sintéiseacha eile, mar shampla amfataimíní nó MDMA. Mar atá breactha síos in áiteanna eile i dTuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023, d’fhéadfadh sé nach mbeadh daoine a úsáideann meascáin de dhrugaí ar an eolas faoi na substaintí atá á n-úsáid acu, nó gur féidir le hidirghníomhaíochtaí idir drugaí éagsúla iad a nochtadh do rioscaí ardaithe sláinte.

Ábhair imní sláinte a eascraíonn as ocsaíd nítriúil a úsáid i measc daoine óga

Disposed silver laughing gas cartridges on a wooden table

Léiríodh in athbhreithniú a rinne EMCDDA le déanaí go bhfuil comharthaí ann i roinnt Ballstát AE go bhfuil méadú tagtha ar úsáid ocsaíde nítriúla, ar a dtugtar gás gáire freisin, chun críocha meisce. Tá roinnt úsáidí tráchtála ag ocsaíd nítriúil, agus tá díospóireacht ann ar an méid a bhaineann an tsubstaint seo le rioscaí diúltacha sláinte, go háirithe in úsáideoirí eipeasóideacha. Mar sin féin, tá úsáid dhian agus ainsealach ocsaíde nítriúla nasctha le díobhálacha sláinte lena n-áirítear nimhiú, dónna agus gortuithe scamhóg agus, i gcásanna áirithe de nochtadh fada, damáiste néaróige ó easnamh vitimín B12. I roinnt cathracha Eorpacha, tá diúscairt na gceanastar cruach dhosmálta níos lú ina fadhb bruscair drugaí freisin. Is cosúil go bhfuil an druga seo níos inrochtana agus níos saoire, agus infhaighteacht mhéadaithe i roinnt tíortha de cheanastair gháis níos mó atá dírithe ar úsáideoirí áineasa, rud a d’fhéadfadh an baol de dhamáiste scamhóige a mhéadú freisin, mar gheall ar bhrú níos airde a n-ábhar. Dá bhrí sin, i dteannta a chéile, thabharfadh an fhaisnéis atá ar fáil le fios go ndealraíonn sé go bhfuil argóint láidir ann maidir le seirbhísí chun drugaí a chosc agus dochar a laghdú aghaidh a thabhairt ar an tsubstaint sin ina gcuid oibre. Faoi láthair, tá cuir chuige rialála maidir le díol agus úsáid na substainte seo éagsúil ó thír go tír.

Comharthaí go bhfuil méadú ag teacht ar infhaighteacht agus ar tháirgeadh cáitíonón sintéiseach san Eoraip

A syringe lying on a black table next to a white powder

Cuirtear cáitíonóiní sintéiseacha amhail 3-MMC agus 3-CMC, ar an margadh mar shubstaintí athsholáthair le haghaidh drugaí amhail amfataimín agus MDMA, agus díoltar iad in amanna go mícheart mar shubstaintí eile. Cé go bhfuil líon na n-urghabhálacha sách íseal fós, fuarthas cainníochtaí an-mhór de cháitíonóiní sintéiseacha i roinnt urghabhálacha aonair, a thagann ón India de ghnáth. Tugann sé sin le fios, mar aon le fianaise go bhfuil cáitíonóiní sintéiseacha á dtáirgeadh san Eoraip freisin, go bhfuil fáil níos mó ar na substaintí sin san Eoraip, áit a bhfuil sé d’acmhainn acu ról níos mó a bheith acu sa mhargadh spreagthach amach anseo. Cruthaíonn forbairtí sa réimse seo dúshláin nua d’fhorfheidhmiú an dlí freisin, mar shampla, rinneadh gáinneáil chun na hEorpa ar fhoirmeacha cáitíonón sintéiseach atá mascaithe go ceimiceach agus nach bhfuil faoi rialú le tiontú go háitiúil ina dhiaidh sin go cáitíonóiní rialaithe. I bhfianaise mhéid na gceimiceán réamhtheachtaí a urghabhadh, is cosúil gur dócha go mbeidh táirgeadh ar mhórscála do mhargaí Eorpacha, agus b’fhéidir do mhargaí eile, ar siúl anois.

Na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr méadú ar an spéis i bpoitéinseal teiripeach drugaí sícideileacha

Color MRI Scan Human Brain

Tá leas cliniciúil agus leas an phobail araon ag fás in úsáid theiripeach fhéideartha roinnt substaintí sícideileacha, lena n-áirítear substaintí nua agus substaintí nach bhfuil mórán eolais ann fúthu. Tá méadú ag teacht ar líon na staidéar cliniciúil atá ag iniúchadh an phoitéinsil a bhaineann le raon substaintí sícideileacha chun cóir leighis a chur ar riochtaí meabhairshláinte éagsúla. Tá cuma mhaith ar chuid den taighde, ach tá sé deacair ginearálú a dhéanamh sa réimse seo, i bpáirt toisc go bhfuil cuid mhór den taighde fós ag céim luath, i bpairt mar gheall ar an líon mór ceimiceán atá faoi athbhreithniú, agus i bpáirt mar gheall ar an raon leathan coinníollacha atá á staidéar. Tugadh aird shuntasach sna meáin ar na forbairtí seo, rud a chruthaíonn imní go bhféadfaidís úsáid thurgnamhach níos mó de na substaintí sin a spreagadh gan tacaíocht leighis, rud a d’fhéadfadh roinnt daoine leochaileacha a chur i mbaol iarmhairtí díobhálacha a fhulaingt. Ag an am céanna, tá fianaise ann go bhfuil cláir neamhrialáilte á n-oibriú laistigh den Aontas Eorpach agus in áiteanna eile araon, ina n-áirítear úsáid substaintí sícideileacha mar chuid d’idirghabháil folláine, teiripeach, nó ceann atá dírithe ar spioradáltacht. 

Dúshláin níos casta a bhaineann le hópóidigh

Tá fadhbanna ópóideach na hEorpa ag forbairt

A used spoon and syringe lying on the ground

hearóin fós ar an ópóideach aindleathach is mó a úsáidtear san Eoraip agus is é an druga é atá freagrach as sciar mór den ualach sláinte a bhaineann le húsáid aindleathach drugaí. Mar sin féin, tugann na sonraí atá ar fáil le fios freisin nach bhfuil ról chomh lárnach ag hearóin a thuilleadh agus a bhí tráth agus is cosúil go bhfuil ról níos suntasaí ag ópóidigh shintéiseacha i bhfadhbanna a bhaineann le hópóidigh i roinnt tíortha. Tháinig méadú níos mó ná faoi dhó ar mhéid na hearóine a d’urghabh Ballstáit AE in 2021 go 9.5 tona, agus d’urghabh an Tuirc 22.2 tona, méid nach bhfacthas a leithéid riamh. In ainneoin na n-urghabhálacha móra sin, ní fheictear ach athruithe beaga ar phraghas nó ar íonacht hearóine ar an leibhéal miondíola agus, ar an iomlán, léiríonn na sonraí atá ar fáil go bhfuil fáil ar hearóin fós sách ard. Mar sin féin, is beag fianaise atá ann go bhfuil méadú suntasach tagtha ar earcaíocht in úsáid hearóine, agus tugann táscairí le fios, i bhformhór na dtíortha, gur cohórt atá ag dul in aois iad úsáideoirí an druga, a raibh stair fhada teagmhála acu le seirbhísí drugaí agus le seirbhísí tacaíochta eile.

Tá ról níos lú ag hearóin i bhfadhbanna a bhaineann le hópóidigh, ach tá sí fós ina cúis shuntasach díobhála

An ambulance parked on the street at night

Cé go bhfuil baint fós ag hearóin le formhór na mbásanna a bhaineann le hópóidigh ar an iomlán, tá laghdú tagtha ar líon na dtíortha ina dtarlaíonn sé sin. Tugann sonraí maidir le hothair isteach agus géarthocsaineachta drugaí orthu i ranna éigeandála ospidéil le fios freisin, i roinnt cathracha, gur ghlac ópóidigh eile áit hearóine mar thiománaí na n-othar isteach sna hospidéil. Tá laghdú tagtha ar hearóin freisin maidir lena tábhacht choibhneasta mar chúis le cóireáil drugaí speisialaithe a lorg. I mórán bealaí, is féidir an tuairim go bhfuil ról lárnach níos lú ag hearóin i bhfadhbanna drugaí a fheiceáil mar fhorbairt dhearfach; mar sin féin, tá roinnt foláireamh tábhachtach anseo. Tá daonra mór san Eoraip fós a úsáideann hearóin, agus tá a riachtanais sláinte agus tacaíochta ag éirí níos casta. Tá patrúin úsáide il-drugaí coitianta i measc úsáideoirí ópóideach, agus is cosúil go bhfuil idirghníomhaíochtaí drugaí – go minic nuair a úsáidtear hearóin taobh le substaintí eile – ina comhpháirt níos suntasaí maidir leis an mbaol díobhála a mhéadú. Ina theannta sin, tá baint níos mó ag ópóidigh shintéiseacha seanbhunaithe agus nua le galracht agus mortlaíocht a bhaineann le drugaí agus, i roinnt tíortha, is iad is mó a spreagann fadhbanna a bhaineann le hópóidigh.

Tá tacaíocht ildisciplíneach de dhíth chun cóir leighis a chur ar chohórt de chliaint ópóideach atá ag dul in aois

Psychiatrist or professional psychologist counseling or therapy session to male patients

Tugtar le fios sna meastacháin reatha go bhfuair thart ar leath díobh siúd atá ag gabháil d’úsáid ópóideach ardriosca san Aontas Eorpach in 2021 córeáil agónaí ópóideach, thart ar 511 000 daoine (524 000 leis an Iorua agus an Tuirc san áireamh). Tacaíonn an fhianaise atá ar fáil le cóireáil agónaí ópóideach, agus torthaí dearfacha sláinte agus sóisialta ag baint léi, lena n-áirítear laghdú ar an mbaol mortlaíochta. Mar sin féin, tá os cionn 60% de chliaint i gcóireáil agónaí ópóideach 40 bliain d’aois nó níos sine, agus tá níos lú ná 10% díobh faoi bhun 30 bliain d’aois. Fágann sé sin go gcaithfidh seirbhísí aghaidh a thabhairt ar shraith níos casta de riachtanais chúraim sláinte i ndaonra atá ag éirí níos leochailí. Tá gá le conairí tarchuir éifeachtacha chuig seirbhísí níos cineálaí a thairgeann cóireáil do riochtaí a bhaineann leis an bpróiseas aosaithe. Ní mór don chóireáil a dhéantar ar an ngrúpa seo atá an-imeallaithe go minic freagairt do shraith chasta fadhbanna a bhaineann, ní hamháin lena n-úsáid drugaí, ach freisin le saincheisteanna meabhairshláinte, leithlisithe sóisialta, fostaíochta agus tithíochta. Tá gá, dá bhrí sin, le béim níos mó a chur ar chomhpháirtíochtaí éifeachtacha ilghníomhaireachta a bhunú le seirbhísí cineálacha sláinte agus tacaíochta sóisialta.

An gá atá le tuiscint níos fearr a fháil ar an ról atá ag úsáid idrugaí i mortlaíocht ópóideach

Naloxone kit

Is iad ópóidigh, i gcomhcheangal le substaintí eile de ghnáth, fós na substaintí is coitianta a bhaineann le básanna spreagtha ag drugaí. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na treochtaí foriomlána maidir le básanna ina luaitear ópóidigh mar chúis cobhsaí, tá méadú ag teacht ar sciar na mbásanna in aoisghrúpaí níos sine. Is cosúil go bhfuil an ról a bhí ag hearóin i rátaí báis ar an iomlán ag laghdú i roinnt tíortha. Tá sé tábhachtach freisin a thabhairt do d’aire i gcásanna ina luaitear hearóin mar chúis, gur annamh a fhaightear é ina aonar, rud a léiríonn go bhfuil úsáid il-drugaí go forleathan. I gcás ina bhfuil faisnéis thocsaineolaíoch mhionsonraithe ar fáil, i mbásanna ina luaitear hearóin mar chúis, faightear go minic go bhfuil ópóidigh agus míochainí eile ann freisin agus d’fhéadfadh sé go raibh ról rannpháirteach acu. Tá an chuma ar an scéal i roinnt tíortha go bhfuil méadú ag teacht ar bhásanna ina luaitear spreagthaigh mar chúis leo, go minic in éineacht le hópóidigh, agus is minice a luaitear spreagthaigh mar chúis le básanna i measc daoine níos óige. Dá bhrí sin, is gá a aithint go bhfuil ról tábhachtach ag patrúin úsáide il-drugaí i mortlaíocht spreagtha ag drugaí, agus leagann sé seo béim ar an ngá atá le faisnéis thocsaineolaíoch fheabhsaithe. Le hidirghníomhaíochtaí drugaí, d’fhéadfadh gá a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar shamhlacha seachadta seirbhíse; mar shampla, tá impleachtaí ag úsáid spreagthach nó ópóideach sintéiseach, in éineacht le hearóin, maidir le seachadadh éifeachtach roinnt idirghabhálacha atá ceaptha chun an baol a laghdú go dtarlódh ródháileog drugaí. D’fhéadfadh go mbeadh gá le dáileoga iolracha den fhreasaitheach opióideach nalocsón a thabhairt maidir le ródháileoga a bhaineann le hópóidigh shintéiseacha láidre, mar shampla.

Idirghníomhaíochtaí idir beinsidhé-asaipíní nua agus ópóidigh

Bag with yellow pills

Fágann easpa faisnéise tocsaineolaíche faoi láthair nach dtuigtear go leordhóthanach an ról atá ag beinsidhé-asaipíní i mbásanna spreagtha ag ópóidigh. Tá beinsidhé-asaipíní neamhrialaithe agus nua ar fáil san Eoraip; mar sin féin, mar gheall ar theorainneacha sonraí, bíonn sé deacair trácht a dhéanamh ar scála a n-úsáide. Mar sin féin, is leor an fhianaise atá ar fáil chun a thabhairt le fios go bhféadfadh iarmhairtí tábhachtacha a bheith ag na substaintí sin ar an tsláinte, go háirithe nuair a úsáidtear iad in éineacht le drugaí eile. Is minic a bhíonn siad an-saor agus is féidir le daoine óga iad a úsáid i gcomhar le halcól, agus uaireanta bíonn frithghníomhartha sláinte tromchúiseacha nó iompraíocht neamhghnách mar thoradh orthu. Tá siad nasctha freisin leis an mbaol de bhás ó ródháileog ópóideach a mhéadú agus, sna sonraí is déanaí, tháinig méadú ar líon na mbásanna ó ródháileog a bhaineann le beinsidhé-asaipíní i roinnt tíortha. Is ón Eastóin a thagann sampla den chastacht a d’fhéadfadh a bheith ann anois i margadh na ndrugaí sa réimse seo, áit a ndearnadh urghabhálacha le déanaí de mheascáin ina bhfuil an metonitazene ópóideach sintéiseach nua agus bromazolam, beinseidhé-asaipín nua.

Ópóidigh shintéiseacha nua

A male hand holding a small plastic bag with a blue pill

Tugann fadhbanna drugaí i Meiriceá Thuaidh sampla de conas is féidir impleachtaí a bheith ann don tsláinte phoiblí ag athruithe i bpatrúin infhaighteachta agus úsáide ópóideach. Sa réigiún domhanda seo, ghlac díorthaigh feantanaile láidre, den chuid is mó, áit ópóideach oidis agus hearóine chun a bheith anois ina dtiománaí is mó d’eipidéim i mbásanna spreagtha ag ópóidigh. Tuairiscítear ópóidigh shintéiseacha nua san Eoraip agus d’fhéadfadh sé a bheith níos coitianta i roinnt limistéar, ach faoi láthair tá na patrúin infhaighteachta agus úsáide an-difriúil ó na patrúin i Meiriceá Thuaidh, agus tá fadhbanna suntasacha leis na drugaí sin teoranta do roinnt tíortha ó thuaidh agus Baltacha den chuid is mó. In 2021, thuairiscigh Ballstáit AE thart ar 140 bás a bhain le feantanail. Meastar go bhfuil baint ag sciar suntasach díobh seo, áfach, le feantanail atreoraithe ó úsáid leighis. Cé gur dócha go mbeidh sé seo ina meas faoina luach, níl sé inchomparáide leis na mílte bás a bhaineann le feantanail a tuairiscíodh le linn na tréimhse céanna i Meiriceá Thuaidh. Mar sin féin, idir 2009 agus 2022, sainaithníodh 74 ópóideach nua ar an margadh Eorpach drugaí, agus fuair Córas Réamhrabhaidh an AE fógraí foirmiúla maidir le hópóideach sintéiseach nua amháin eile in 2022 agus trí cinn sna chéad cheithre mhí de 2023. An chuid is mó de na hópóidigh nua a braitheadh le blianta beaga anuas, áfach, ní bhaineann siad leis an ngrúpa feantanaile, ach leis na hópóidigh bheinsimíodasóil (nitazene) an-láidir. Leis an bhfaisnéis atá ar fáil ó urghabhálacha, ó iarmhair steallairí agus ó thorthaí tocsaineolaíocha arna dtuairisciú ag na tíortha Baltacha, tugtar le tuiscint méadú ar infhaighteacht agus ar dhochair (lena n-áirítear básanna spreagtha ag drugaí) sna tíortha sin le linn 2022, go háirithe maidir le hópóidigh bheinsimídeasóil agus an díorthach feantanaile carfentanil. Aimsíodh in urghabhálacha le déanaí ópóidigh shintéiseacha nua i meascáin ina bhfuil beinsidhé-asaipín nua agus an támhachán ainmhithe xiolaisín. Tuairiscíodh na teaglamaí sin, ar a dtugtar ‘benzo-dope’ agus ‘tranq-dope’ faoi seach, i Meiriceá Thuaidh freisin, áit a raibh baint acu le riosca méadaithe báis ó ródháileog. Ós rud é go bhfuil ópóidigh shintéiseacha nua an-láidir, is leor méid beag chun líon mór dáileog tipiciúil a tháirgeadh agus is féidir baol níos mó a bheith ann go dtarlóidh nimhiú bagrach don bheatha mar thoradh orthu. Fágann sin, fiú má tá fadhbanna sa réimse seo sách teoranta faoi láthair, gur bagairt é an grúpa substaintí sin, agus d’fhéadfadh tionchar níos suntasaí a bheith aige ar shláinte agus ar shlándáil na hEorpa amach anseo.

Ní mór don Eoraip a bheith ullamh do na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an toirmeasc ar shaothrú poipín óipiam san Afganastáin

Opium plantation

Tagann an chuid is mó den hearóin a úsáidtear san Eoraip ó phoipíní óipiam a fhástar san Afganastáin. I mí Aibreáin 2022, d’fhógair an Talaban toirmeasc ar shaothrú poipín óipiam, agus ardaíodh an cheist maidir leis na himpleachtaí a bheidh aige sin d’úsáid ópóideach san Eoraip. Tar éis gabháil cumhachta na tíre ag an Talaban i mí Lúnasa 2021, tháinig méadú a bhí measta ag beagnach aon trian ar shaothrú poipín óipiam in 2022. Tugann réamhfhaisnéis do 2023 le fios, áfach, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an limistéar atá á shaothrú. Ina theannta sin, dealraíonn sé nach bhfuil an cineál seo de tháirgeadh drugaí chomh feiceálach is a bhí mar gheall ar bhearta comhthreomhara a tugadh isteach chun déantúsaíocht meitiolamfataimín a laghdú, agus d'fhéadfadh sé a bheith rud beag ciorraithe. Cé go bhfuil gá le tuilleadh fianaise chun na conclúidí sin a fhíorú, tugtar le fios san fhaisnéis atá ar fáil faoi láthair laghdú suntasach ar tháirgeadh óipiam agus meitiolamfataimín araon san Afganastáin in 2023. Tá roinnt cúiseanna ann, áfach, maidir leis an bhfáth a bhfuil sé deacair tionchar fadtéarmach an toirmisc ar shaothrú poipín óipiam a thuar. D’fhéadfadh go mbeadh sé deacair go polaitiúil, mar shampla, an srianadh seo a chothú le himeacht ama mar gheall ar an gcruatan eacnamaíoch atá roimh fheirmeoirí na tíre. Ina theannta sin, mar gheall ar stoic a bheith ann, agus ós rud é go dtógann sé breis agus 12 mhí sula mbíonn fómhar óipiam ar fáil de ghnáth i margadh miondíola drugaí na hEorpa mar hearóin, tá sé ró-luath freisin an tionchar ar infhaighteacht drugaí san Eoraip a thuar. Mar sin féin, má dhéantar an toirmeasc ar shaothrú óipiam a fhorfheidhmiú agus a chothú, d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar infhaighteacht hearóine. Mar thoradh ar thoirmeasc gearrshaolach roimhe seo ar tháirgeadh óipiam san Afganastáin, bhí ganntanas hearóine san Eoraip a raibh baint acu, i roinnt tíortha, le hathruithe fadtéarmacha ar phatrúin úsáide ópóideach. Ciallaíonn sé sin go mbeadh sé stuama an Eoraip a bheith ullamh chun freagairt d’aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann dá dtiocfadh meath ar infhaighteacht hearóin ó 2024 ar aghaidh. Iarmhairt amháin a d’fhéadfadh a bheith ann is ea éileamh méadaithe ar chóireáil le haghaidh fadhbanna a bhaineann le hópóidigh. Is ábhar imní é go bhféadfadh aon easpa hearóine méadú ar an éileamh ar ópóidigh shintéiseacha a thiomáint. Ós rud é go bhfuil forbairtí sa réimse seo éiginnte fós faoi láthair, ní mór dianfhaireachán a dhéanamh. Má dhéantar athruithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta maolaitheacha, lena n-áirítear acmhainneacht chóireála a mhéadú, athbhreithniú a dhéanamh ar straitéisí chun díobháil a laghdú agus bearta forfheidhmiúcháin níos láidre a thabhairt isteach chun díriú ar sholáthar ópóideach sintéiseach. Ar deireadh, d’fhéadfadh baol breise a bheith ann maidir le dúshláin slándála, amhail méadú ar shreafaí imirceach neamhrialta ón Afganastáin mar gheall ar an staid eacnamaíoch atá ag dul in olcas i measc dhaoine bochta na tíre.

Tagairtí

Lua molta: An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (2023), Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023: Treochtaí agus Forbairtí, https://www.emcdda.europa.eu/publications/european-drug-report/2023/drug-situation-in-europe-up-to-2023_ga

Aitheantóirí:

HTML: TD-02-23-150-GA-Q
ISBN: 978-92-9497-928-5
DOI: 10.2810/015835


Top